Saoráil Faisnéise

Saoráil Faisnéise

Saoráil Faisnéise

Bunaíonn an tAcht um Shaoráil Faisnéise 2014 trí cheart reachtúla:

  • ceart dlíthiúil ag gach duine rochtain a fháil ar fhaisnéis atá i seilbh comhlachtaí poiblí
  • ceart dlíthiúil ag gach duine faisnéis oifigiúil a bhaineann leis/léi féin a leasú nuair atá sé neamhiomlán, mícheart nó míthreorach
  • ceart dlíthiúil cúiseanna a fháil le cinntí a bhaineann leis an duine féin

Dearbhaíonn an tAcht an ceart atá ag baill den phobal rochtain a fháil ar fhaisnéis oifigiúil a mhéid is féidir i gcomhréir le leas an phobail agus le ceart chun príobháideachta daoine aonair.

Iarratais faoin Acht um Shaoráil Faisnéise

Faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, tá aon duine i dteideal iarratas a dhéanamh ar rochtain ar fhaisnéis nach bhfuil ar fáil go poiblí ar bhealach eile.

Tá sé de cheart ag gach duine:

  • rochtain ar thaifid atá i seilbh na Roinne (alt 12)
  • ceartú faisnéise pearsanta a bhaineann leis an duine féin atá i seilbh na Roinne i gcás ina bhfuil sé míchruinn, neamhiomlán nó míthreorach (alt 9)
  • rochtain ar chúiseanna le cinntí a rinne an Roinn a dhéanann difear díreach duit féin (alt 10)

Tagann na taifid seo a leanas faoi raon feidhme an Achta:

  • gach taifead a bhaineann le faisnéis phearsanta atá i seilbh na Roinne is cuma cén uair a cruthaíodh é
  • gach taifead eile a cruthaíodh ón dáta tosaithe, is é sin, 21 Aibreán 1998
  • aon taifid eile atá riachtanach chun taifead reatha a thuiscint
  • taifid phearsanra na mball foirne ar seirbhís a cruthaíodh ón 21 Aibreán 1995 agus na taifid a cruthaíodh roimh an dáta sin i gcás ina n-úsáidtear iad nó a mbeartaítear iad a úsáid ar bhealach a théann chun dochair nó a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don duine atá i gceist

Conas iarratas a dhéanamh

Tá Grow Digital á bhainistiú ag an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta.

Ba cheart iarratais faoin Acht um Shaoráil Faisnéise a dhéanamh i scríbhinn chuig: An tAonad um Shaoráil Faisnéise, An Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2, D02 TD30.

Is féidir iarratais a dhéanamh go leictreonach freisin chuig foiunit@enterprise.gov.ie.

D’iarratas a thiomsú

Agus d’iarratas á dhéanamh agat, ba cheart duit a rá go bhfuil d’iarratas á dhéanamh agat faoin Acht um Shaoráil Faisnéise. Ba cheart duit a bheith chomh sonrach agus is féidir le gur féidir an fhaisnéis a shainaithint go héasca agus, más indéanta, an fráma ama a bhaineann le d’iarratas a chur in iúl, mar shampla, idir Bealtaine 2012 – Nollaig 2012. Chomh maith leis sin, más féidir, déan iarracht an réimsí den roinn is mó a bhainfeadh le d’iarratas, dar leat.

D’fhéadfadh go mbeadh ort d’aitheantas a chruthú, go háirithe agus faisnéis phearsanta á lorg agat, agus mar sin d’fhéadfaí iarraidh ort do theastas breithe, do cheadúnas tiomána, do phas nó d’fhoirm eile aitheantais a thabhairt ar aird.

Cuir uimhir theileafóin lae san áireamh le do thoil, más féidir, ionas gur féidir teagmháil a dhéanamh leat go tapa más gá sonraí d’iarratas a shoiléiriú.

Má theastaíonn cúnamh éigin uait le d’iarratas a thiomsú, féadfaidh tú dul i dteagmháil leis an Aonad um Shaoráil Faisnéise ag foiunit@enterprise.gov.ie.

Faoin Acht ní mór iarratas ar thaifid a admháil laistigh de 2 sheachtain agus, i bhformhór na gcásanna, freagra a thabhairt air laistigh de 4 seachtaine. Sainmhínítear seachtain san Acht mar 5 lá seachtaine as a chéile, gan an Satharn agus laethanta saoire poiblí a áireamh (tá an Domhnach eisiata freisin toisc nach meastar gur laethanta seachtaine iad). Má bhíonn tríú páirtí i gceist d’fhéadfadh go mbeadh trí seachtaine eile ann sula n-eiseofar freagra.

Níl aon táille ar iarratas ach tá táillí i gceist má théann an t-am a chaitear ar chuardach agus ar aisghabháil taifead thar 5 uair an chloig. Ní ghearrfar aon táillí gan é seo a phlé leis an iarrthóir ar dtús.

Ceart achomhairc

Mura bhfuil tú sásta leis an gcinneadh a dhéantar ar d’iarratas, féadfaidh tú achomharc a dhéanamh ina leith trí iarratas a dhéanamh ar athbhreithniú inmheánach. Baineann táille €30 (€10 do shealbhóirí cárta leighis agus a gcleithiúnaithe) le hiarratais ar athbhreithniú inmheánach ar chinneadh ar iarratas neamhphearsanta. Níl aon táille ar athbhreithniú inmheánach ar iarratas ar fhaisnéis phearsanta nó i gcás cinneadh déanach ar iarratas neamhphearsanta.

Tabhair do d’aire, le héifeacht ón 19 Meán Fómhair 2014, gur stop ranna rialtais agus comhlachtaí poiblí de sheiceanna/orduithe poist a sheoladh agus a fháil chuig nó ó ghnólachtaí in Éirinn. Tá sé seo ag teacht leis an tionscnamh r-Lá, atá mar chuid den Phlean Náisiúnta Íocaíochtaí. Is é fócas an r-Lá ná fiontair bheaga agus mheánmhéide a spreagadh le dul ar imirce ó úsáid seiceanna mar gur eisitheoirí nó glacadóirí breis is 60% de na seiceálacha go léir in Éirinn iad. Ceann de na príomhspreagthaí taobh thiar de r-Lá ná cabhrú le gnólachtaí, go háirithe gnólachtaí beaga, na costais a thabhaítear trí sheiceanna a úsáid chun íocaíochtaí a dhéanamh a laghdú.

Dá réir sin, má tá tú ag obair do ghnó/cuideachta, féadfaidh tú an táille achomhairc a íoc trí ríomhaistriú airgid (EFT) chuig cuntas na roinne seo i Danske Bank. Seo a leanas sonraí an Chuntais seo:

Ainm an Bhainc: Danske Bank
Ainm an Chuntais: Danske EFT Receipts Public Bank Account
Seoladh: International House, 3 Harbourmaster Place, IFSC, Dublin 1
Cuntas Uimh: IBAN IE24DABA95199030010413
BIC: DABAIE2D

Agus íocaíocht á déanamh le EFT cuir san áireamh le do thoil na ainm do ghnó, d’ainm, Uimhir Thagartha SF, dáta an taiscthe seo agus luaigh go mbaineann an íocaíocht le Táille Achomhairc um Shaoráil Faisnéise. Cuir isteach, le do thoil, dáta an taiscthe seo agus d’achomharc um Shaoráil Faisnéise á chur isteach agat.

Mar sin féin, mura bhfuil tú ag obair do ghnó/cuideachta is féidir an táille a chur isteach i bhfoirm Ordú Airgid, Ordú Poist nó seic tarraingthe ar bhanc i bPoblacht na hÉireann iníoctha leis an ‘An Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta’. .