Séanadh agus Ráiteas Cóipchirt

Séanadh

Cé go bhfuil gach iarracht déanta cruinneas na faisnéise/ábhar atá ar an suíomh Gréasáin a chinntiú, ní ghlacann an Roinn, a seirbhísigh ná a gníomhairí freagracht ar bith as agus ní thugann siad aon ráthaíochtaí, gealltanais nó barántaí maidir le cruinneas, iomláine nó nádúr cothrom le dáta an fhaisnéis a chuirtear ar fáil ar an láithreán gréasáin agus ní ghlacann sé le haon dliteanas ar bith a eascraíonn as aon earráidí nó easnaimh.
Uaireanta nascann an láithreán le suíomhanna seachtracha nach bhfuil aon smacht ag an Roinn orthu agus nach nglacann aon fhreagracht orthu.
Ní léirmhíniú dlíthiúil é aon doiciméad ar an láithreán agus níor cheart breathnú air mar sin. Má theastaíonn comhairle ghairmiúil nó dhlíthiúil uait ba chóir duit dul i gcomhairle le duine atá cáilithe go cuí.

Cóipcheart

Tá an t-ábhar atá le feiceáil ar an láithreán seo faoi réir chóipcheart an Rialtais de réir an Achta Cóipchirt agus Ceart Gaolmhar, 2000. Is féidir an t-ábhar a íoslódáil chuig comhad nó chuig printéir le haghaidh úsáide pearsanta amháin. Sa chás go bhfuil an t-ábhar seo á eisiúint chuig daoine eile, ní mór an fhoinse (URL san áireamh) agus an stádas cóipchirt a admháil.
Ní shíneann an cead chun ábhar cóipchirt an Rialtais a atáirgeadh chuig aon ábhar ar an láithreán seo a d’fhéadfadh a bheith ina sheilbh ag tríú páirtí. Ní mór údarú chun ábhar den sórt sin a atáirgeadh a fháil ó na sealbhóirí cóipchirt lena mbaineann.