home banner

Is féidir le digitiú deiseanna nuálaíochta agus fáis a thapú ag tosú inniu.

light bg light bg
into image

Is éard atá i gceist le digitiú ná úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí digiteacha Is uirlisí leictreonacha, gléasanna, córais agus acmhainní leictreonacha iad teicneolaíochtaí digiteacha a ghineann, a stórálann nó a phróiseálann sonraí, agus is féidir leo go leor feidhmeanna eile a chur i gcrích, lena n-áirítear táirgiúlacht agus éifeachtúlacht a mhéadú. le próisis inmheánacha do ghnó a athrú agus deiseanna nua a sholáthar chun iomaíochas do ghnó agus seirbhís do chustaiméirí a fheabhsú, agus éifeachtúlacht ginearálta an ghnó a fheabhais.

Déan measúnú saor in aisce 5 nóiméad inniu le taispeáint cé chomh ‘réidh le digitiú’ is atá do ghnó agus faigh do scór-chárta digiteach saincheaptha le comhairle, moltaí agus tacaíochtaí a chabhróidh leat an chéad chéim eile i dtreo an digitithe a thógáil.

Is féidir leat inspioráid a fháil ó fheiceáil ar atá déanta ag gnólachtaí eile trí raon chás-staidéir a léamh nó tuilleadh a fhoghlaim faoi conas is féidir le do ghnó leas a bhaint as uirlisí agus teicneolaíochtaí digiteacha a úsáid.

Cuir tús le do thuras inniu

Déantúsaíocht
Miondíol agus Mórdhíol
Bí níos éifeachtaí
an Clár
Shade Tech

Faigh amach conas a d’úsáid monaróir agus soláthraí dall fuinneoige ceannródaíoch an teicneolaíocht atá ann cheana féin chun máistirbhunachar sonraí a chruthú, rud a laghdaigh go mór an t-am a chaitear ar thascanna riaracháin láimhe.

Miondíol agus Mórdhíol
Bí níos iomaíche
Baile Átha Cliath
Nutty Delights

Faigh amach conas a thug gnóthas teaghlaigh córas bainistíochta fardail oiriúnaithe isteach atá uathúil dá riachtanais oibríochtúla a chuir feabhas ar thaithí an chustaiméara agus a mhéadaigh díolacháin ar líne 20%.

Déantúsaíocht
Seirbhísí
Bí níos éifeachtaí
Baile Átha Cliath
Elite Woodworking Machinery Ireland

Féach ar an gcaoi a bhain Elite Woodworking Machinery Ireland úsáid as uirlisí Bainistíocht Caidrimh le Custaiméirí (CRM) le cur ar a gcumas a gcaidrimh le ceannairí nua agus le custaiméirí reatha a bhainistiú agus a fheabhsú.

Seirbhísí Riaracháin agus Gnó
Bí níos éifeachtaí
an Mhí
HRS Consultants

Faigh amach conas a d’fheabhsaigh claochlú digiteach an sreabhadh oibre iomlán do HRS Consultants, rud a d’éascaigh an saol do chliaint agus don fhoireann araon.

Na hEalaíona, Siamsaíocht agus Caitheamh Aimsire
Feabhsaigh do sheirbhís do chustaiméirí
an Mhí
Navan Adventure Centre

Faigh amach conas a d’aistrigh páirc eachtraíochta ilghníomhaíochta allamuigh ó thaifid thraidisiúnta peann agus páipéir go foirm dhigiteach shaindeartha chun a bpróiseas clárúcháin cuairteoirí a chuíchóiriú agus chun an tseirbhís a chuireann siad ar fáil dá gcustaiméirí a fheabhsú.

Miondíol agus Mórdhíol
Bí níos iomaíche
Sligeach
Jako

Féach ar an gcaoi ar chinntigh an chuideachta éadaí spóirt Jako go bhfanann sé iomaíoch sa tionscal dinimiciúil éadaí spóirt agus cén fáth ar chabhraigh a gclaochlú digiteach ó phróiseas oibríochta páipéar-bhunaithe leo oiriúnú go tapa d’athruithe margaidh agus riachtanais an chustaiméara.

Seirbhísí
Tógáil
Bí níos éifeachtaí
Tiobraid Árann
Eco Green Resources

Féach ar an slí a chuir soláthróir réigiúnach corais fótavoltach gréine, ceallairí agus Soilsiú LED, córas foirme digiteach nua i bhfeidhm atá éasca le húsáid chun an tairbhe is mó a bhaint amach a bheagán ama, ag cinntiú go n-aistreofar go réidh go todhchaí atá dírithe ar dhigitiú.

Seirbhísí
Feabhsaigh do sheirbhís do chustaiméirí
Tiobraid Árann
Everard Fire

Féach mar a thug Everard Fire Ltd córas digiteach nua isteach chun éifeachtacht, cruinneas agus luas a fheabhsú, rud a chuir seirbhís níos fearr ar fáil dá mbonn cliant.

Miondíol agus Mórdhíol
Bí níos iomaíche
Loch Garman
Bodibro

Réitigh chúl-oifige sruthlínithe do cheann de na soláthróirí éadaí fóillíochta and aclaíochta is mó in Éirinn.

Innealtóireacht
Seirbhísí
Bí níos éifeachtaí
Tiobraid Árann
Barry Plant and Civil Engineering

Seo mar ar laghdaigh cuideachta innealtóireachta teaghlaigh atá lonnaithe i dTiobraid Árann an t-am slánúcháin do bhilleáil cliant aonair ó laethanta go huaire.

Teistiméireacht agus cás-staidéir

Tá roinnt cás-staidéar agus teistiméireachtaí le fáil anseo ó ghnólachtaí a bhfuil tús curtha acu lena n'aistear digiteach féin.

Foghlaim conas ar éirigh leo athrú digiteach ó bhonn a bhaint amach ina n oibríochtaí gnó agus cé na réitigh dhigiteacha a chuir siad chun feidhme chun é sin a dhéanamh.

Faigh amach conas gur féidir le do ghnó leas a bhaint as uirlisí, teicneolaíochtaí agus cleachtais dhigiteacha.

Déan an measúnú gnó 5 nóiméad chun do scórchárta digiteach a fháil agus faigh amach na tacaíochtaí atá ar fáiltitle shape

Inis dúinn faoi do ghnó

Faigh amach an Tacaíocht atá ar Fáil